Na Cainteoirí

Seo iad na cainteoirí a bhfuil a nguthanna le cloisteáil sna taifid shamplacha fuaime ar an suíomh seo.

Áine Ní Bhreisleáin (Gaoth Dobhair)

Cainteoir dúchais Gaeilge as an mBun Beag, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall is ea Áine Ní Bhreisleáin. Iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4 is ea í. Bíonn sí ag aithriseoireacht i gcomórtas na lúibíní ag an Oireachtas agus ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dara Ó Cinnéide (Corca Dhuibhne)

Cainteoir dúchais Gaeilge as Baile na hAbha, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí is ea Dara Ó Cinnéide. Léiritheoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus láithreoir spóirt ar TG4 is ea é. Bhí sé ina imreoir ar fhoireann peile Co. Chiarraí ó 1993-2005, agus bhí sé ina chaptaen ar an bhfoireann nuair a bhuaigh siad Craobhchomórtas na hÉireann in 2004.

Maolra Mac Donnchadha (An Cheathrú Rua)

Cainteoir dúchais Gaeilge as Barr an Doire, an Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe is ea Maolra Mac Donnchadha. Iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4 is ea é atá le ceird na craoltóireachta ó 1997. Tá spéis aige sa cheol agus sna healaíona trí chéile.